Letra de canción descargada de: https://www.albumcancionyletra.com ------------------------------------------ The Corrs - Bríd óg ní mháille ------------------------------------------ Is a Bhríd Ní Mháille 'S tú d'fahg mo chroí cráite 'S chuir tú arraingeacha An bháis trí cheartlár mo chroí Tá na mílte fear i ngrá Le d'éadan ciúin náireach Is go dtug tú barr breáchtacht' Ar Thír Oirghiall más fíor Níl ní ar bith is áille Ná'n ghealach os cionn a' tsáile Ná bláth bán na n-airne Bíos ag fás ar an froigheann ó siúd mar bíos mo ghrá-sa Níos trilsí le breáchtachta' Béilín meala na háilleachta Nach ndearna riamh claon Is buachaill deas óg mé 'Tá triall chun mo phósta 'S ní buan i bhfad beo mé Mura bhfaighidh mé mo mhian A chuisle is a stóirín Déan réidh agus bí romhamsa Cionn deireanach den Domhnach Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh Is tuiseach 's brónach A chaithimse an Domhnach Mo hata I' mo dhorn 'S mé ag osnaíl go trom 'S mé ag amharc ar na bóithre 'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann 'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom 'Sí ag fear eile pósta Is gan í bheith liom